Foilsíonn an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin do Bhóthar na Díge
- Moltar don phobal aiseolas a thabhairt ar thograí níos mine agus níos beaichte do bhreis agus 200 ceann d’árasáin shóisialta agus inacmhainne
- Áirítear leis an gCreat Forbartha Láithreáin taitneamhachtaí tráchtála, sibhialta agus cultúrtha
- Tá sé beartaithe tosú ar na hárasáin a thógáil faoin mbliain 2026
D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin nua le haghaidh forbairt úsáide measctha, rud a chuimsíonn tithíocht shóisialta agus inacmhainne agus taitneamhachtaí tráchtála, sibhialta agus cultúrtha ag Bóthar na Díge, atá suite ar imeall lár cathrach na Gaillimhe.
Seasann an fhorbairt chónaithe don chéad chéim den Chreat Forbartha foriomlán, agus cuirfear iarratas pleanála isteach níos déanaí i mbliana. Tagann an dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin sna sála ar chaidreamh poiblí ar an doiciméad físe ‘Tóchar na Coiribe’ don fhorbairt.
Tá láithreán Bhóthar na Díge ina chuid de bhunachar talún athfhorbraíochta straitéiseach ar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe é agus ar sainaithníodh go bhféadfaí athfhorbairt chuimsitheach a dhéanamh air. Beidh an láithreán laistigh de thuras gearr de shiúl na gcos ón bhFaiche Mhór agus ó limistéar Bhóthar Áth Cinn.
Tá an bunachar talún thart ar 1.78 heicteár ar achar, agus leagtar amach sa dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin nua na tograí le haghaidh forbairt thar cheithre chéim. Is dóigh go n-iarrfar cead pleanála do Chéim 1 níos déanaí i mbliana.
Tugadh ‘Tóchar na Coiribe’ mar theideal oibre ar an bhforbairt atá beartaithe, agus áirítear leis árasáin ardchaighdeáin inacmhainne agus shóisialta agus saoráidí tráchtála, sibhialta agus cultúrtha.
Leis an dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin nua, beachtaítear na pleananna forbartha a leagadh amach roimhe sin sa doiciméad físe a foilsíodh níos luaithe i mbliana, agus cuirtear leis na pleananna sin. Seolfar dara céim comhairliúcháin phoiblí anois, lena n-áireofar seisiún poiblí ‘buail isteach’, chun go mbeidh an pobal in ann tuilleadh aiseolais a thabhairt.
Leis an gCreat Forbartha Láithreáin, tugtar mionsonraí faoin rún atá ann 219 gcinn san iomlán d’árasáin aon seomra leapa, dhá sheomra leapa nó trí sheomra leapa a sholáthar laistigh d’fhorbairt a bheidh idir cúig stór agus naoi stór ar airde, lena n-áireofar creis, spásanna oscailte pobail, clóis súgartha agus tírdhreachú nua feadh Bhóthar na Díge.
Beartaítear gur tithe ar cíos de réir costais a bheidh i 90% de na tithe, agus cóiríocht shlán fhadtéarmach á soláthar ag ráta lascainithe margaidh. Is í an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún a bhainisteoidh iad. Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe a thairgfidh na 10% eile mar thithe sóisialta.
Áirítear leis an bplean fadtéarmach don fhorbairt rotharbhealaí agus siúlbhealaí, spásanna glasa agus naisc fheabhsaithe iompair leis na taitneamhachtaí mórthimpeall, amhail Páirc Foraoise Thír Oileáin agus Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe.
Is féidir an dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin a rochtain ar shuíomh Gréasáin Thóchar na Coiribe, agus cuirfear faisnéis faoi chruinnithe agus imeachtaí atá le teacht ar fáil ar líne.
A luaithe a thabharfar an próiseas comhairliúcháin i gcrích, cuirfear iarratas pleanála isteach, agus táthar ag súil leis go mbeidh tógáil ar siúl ar an láithreán faoin mbliain 2026.
Dúirt Phelim O’Neill, Ceann um Réadmhaoin sa Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún:
“Tá lúcháir orm gur faoi lán seoil anois atá an fhís seo d’fhorbairt tithíochta nua ag Tóchar na Coiribe. Is tionscadal tábhachtach athbheochana do chathair na Gaillimhe é seo, lena soláthrófar tithe inacmhainne a bhfuil géarghá leo agus saoráidí nua pobail agus tráchtála.
“Tá sé mar thosaíocht ag an nGníomhaireacht forbairtí tithíochta sóisialta agus inacmhainne a sholáthar a luaithe is féidir. Le linn dúinn féachaint le soláthar a luathú, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí deiseanna do dhaoine áitiúla agus do gheallsealbhóirí eile caidreamh a dhéanamh agus dul i gcomhar linn maidir lenár bpleananna.
“D’fhoilsíomar doiciméad físe d’fhorbairt Thóchar na Coiribe agus rinneamar caidreamh leis an bpobal ina leith cheana féin. Táimid ag bogadh isteach sa chéad chéim eile anois, agus d’fhoilsíomar dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin ina leagtar amach togra ardleibhéil níos beaichte don limistéar. Tá sé ríthábhachtach go leanfadh cónaitheoirí, gnólachtaí agus grúpaí pobail áitiúla le rannchuidiú leis an bpróiseas comhairliúcháin. Ar an tslí sin, cumasófar dúinn agus dár gcomhpháirtithe i gComhairle Cathrach na Gaillimhe forbairt inbhuanaithe a dhearadh lena bhfreastalófar ar an bpobal láithreach agus ar an bpobal amach anseo araon.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Bhíomar an-sásta leis an leibhéal caidrimh a fuarthas ón bpobal maidir le tograí Thóchar na Coiribe. Is forbairt í ag a bhfuil acmhainneacht ollmhór agus lena mbunathrófar láithreán tearcúsáidte ina phobal inbhuanaithe nua.
“Ag obair dúinn i gcomhar lenár gcomhpháirtithe sa Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún, bheachtaíomar an fhís bhunaidh a bhí againn chun an dréacht-Chreat Forbartha Láithreáin seo a sholáthar, roimh thréimhse comhairliúcháin eile. Creidim go soláthrófar leis comharsanacht bheoga ina mbeidh tithe ardchaighdeáin inacmhainne agus spásanna glasa agus taitneamhachtaí a mbeidh an-tóir orthu. Táim ag tnúth le cluinstin ó chónaitheoirí, gnólachtaí agus grúpaí pobail áitiúla maidir le conas is féidir linn forbairt a chruthú a mbeidh bród ar dhaoine cónaí inti”
For all media enquiries please contact
[email protected]Is í an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún comhlacht an Stáit a bhfuil sé de chúram air tithíocht inacmhainne a sholáthar. Tá sí i mbun breis agus 10,000 teach a sholáthar ar thalamh atá faoi úinéireacht an Stáit nó atá faighte ag an Stát agus breis agus 8,000 teach a sholáthar tríd an tionscnamh ‘Project Tosaigh’ de chuid an Rialtais.
Tá cead pleanála láithreach ag an nGníomhaireacht do thart ar 6,000 teach inacmhainne ar thailte atá faoi úinéireacht an Stáit, agus tá cuid mhór tionscadal á dtógáil faoi láthair agus tá cinn eile ag ardchéim pleanála.
De bhreis ar thithe a sholáthar go díreach ar thalamh atá faoi úinéireacht an Stáit nó atá faighte ag an Stát ar shlí eile, tá an Ghníomhaireacht ag déanamh formhaoirseacht ar ‘Project Tosaigh’. Is tionscnamh é sin ina dtagann an Ghníomhaireacht isteach chun cabhrú le tionscadail tithíochta a bhfuil stad leo nó nach bhfuil inmharthana a chríochnú agus ina gcuireann sí na tithe ar fáil ansin do chíosaithe nó do cheannaitheoirí mar thithe ar cíos de réir costais nó mar thithe ceannaigh inacmhainne.
Faoi ‘Project Tosaigh’, tá sé beartaithe ag an nGníomhaireacht 8,000 teach ar a laghad a sholáthar faoin mbliain 2028. Soláthraíodh roinnt mhaith díobh sin cheana féin. Tháirg an Ghníomhaireacht an Tuarascáil ar Thalamh Poiblí Iomchuí le déanaí. Sa tuarascáil sin, cuireadh an rialtas ar an eolas faoin acmhainneacht atá ann 67,000 teach a sholáthar ar 83 láithreán thearcúsáidte atá faoi úinéireacht an Stáit. Tá pleananna á gcur ar aghaidh ag an nGníomhaireacht freisin chun láithreáin phríobháideacha a bhfuil cead pleanála acu a cheannach i gcúig mhórchathair na tíre, agus d’fhógair sí ceannach mórláithreáin i gCluain Ghrífín i mBaile Átha Cliath le déanaí, áit a bhfuil acmhainneacht ann 2,000 teach a sholáthar.
Áirítear le tionscadail soláthair dhírigh na Gníomhaireachta 265 theach a thógáil ag Ospidéal Chaoimhín i gCorcaigh, ar iarláithreán de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é, agus 597 dteach a fhorbairt i Seangánach i mBaile Átha Cliath i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Áirítear leo freisin 817 dteach ag láithreán ag Fearann an Chaisleáin i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath, 345 theach i mBaile an Haicéadaigh ar na Sceirí, Baile Átha Cliath, 219 dteach ag Dún Uí Dhubhuí ar an Nás, Co. Chill Dara, 852 theach ar iarláithreán an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar i nDún Droma, Baile Átha Cliath 14, agus 543 theach ag Gairdíní San Treasa i lárchathair theas Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Is é is ‘Project Tosaigh’ ann tionscnamh de chuid an Rialtais ina dtagann an Ghníomhaireacht isteach chun cabhrú le tionscadail tithíochta a chríochnú agus ina gcuireann sí na tithe nua ar fáil ansin do chíosaithe mar thithe ar cíos de réir costais nó do cheannaitheoirí ar phraghas réasúnach.
Sheol an Ghníomhaireacht roinnt scéimeanna faoin tionscnamh ‘Project Tosaigh’ cheana féin. Áirítear leo 142 theach ar cíos de réir costais a chur ar fáil i gCoill an Áirséaraigh i nDeilgne, Cill Mhantáin, agus 95 theach a chur ar fáil ar bhonn céimnithe i bhFearann na Páirce ar Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn in Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath.
I mí Eanáir 2024, d’fhógair an Ghníomhaireacht go gcuirfí breis agus 600 teach ar cíos de réir costais ar fáil i gceithre láthair. Áirítear leo sin 247 dteach ag Árasáin Rinn an Bhearnbhálaigh i bPáirc Hans, Baile Átha Cliath 15, 236 theach ag an gCeathrú in Iarthar na Cathrach, 86 theach ag Dún Óir i gCill Tiarnáin, Baile Átha Cliath, agus 52 theach ag Lána an Harpúraigh i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara. I mí an Mheithimh i mbliana, chuir an Ghníomhaireacht 180 árasán ar cíos de réir costais ar fáil i mBaile an Chócaigh i dTamhlacht, Baile Átha Cliath.
Sheol an Ghníomhaireacht roinnt forbairtí ceannaigh inacmhainne faoin tionscnamh ‘Project Tosaigh’ freisin. Áirítear leo sin na nithe seo a leanas a sholáthar ar bhonn céimnithe: 92 theach in Clonmore i Mala, Corcaigh; 95 theach in Summerfields i gCill Bharra, Port Láirge; 57 dteach ag Sruthán Wilkinsons i mBaile an Alabhóidigh, Baile Átha Cliath 15; agus 50 teach i Halla an Bháicéara, an Uaimh.
Featured News & Media
News
Land Development Agency and Galway City Council publish draft Site Development Framework for Dyke Road
02/07/2024
- Public urged to provide feedback on more detailed and refined proposals for over 200 social and affordable apartments
- Site Development Framework includes commercial, civic and cultural amenities
- Construction of apartments planned to start by 2026
News
Land Development Agency publishes Sustainable Development Strategy
27/06/2024
Plan sets out ambition for LDA to be leaders in the creation of sustainable homes and communities